Cur in Aithne

Cur in Aithne

Tugann an suíomh idirlín seo eolas faoi roinnt de mo chuid taighde.

Is Breatnach agus Briotánach araon mé, ach le cúpla bliain anuas tá mé i mo chónaí i ríogacht rúnda Inis Eoghain, leithinis sceirdiúil i bhfoirceann thuaidh na hÉireann, le mo bhean Ewa agus ár n-iníon óg.

Díríonn mo chuid foilseachán ar na pobail a labhraíonn teangacha Cheilteacha, go háirithe sa Nua-Aois, cé go bhfuil mé eolach freisin ar roinnt mhaith gnéithe de stair mheánaoiseach agus ársa na gCeilteach, in Éirinn, sa Bhreatain agus ar Mhór-Roinn na hEorpa. Leis an fhírinne a rá is staraí agus eitneolaí mé cé go bhféadfaí ceapadh nach bhfuil ionam ach ‘teangeolaí’ dá mbeifí ag brath ar theidil mo chuid leabhar foilsithe, nó ar mo chonair phroifisiúnta amháin. Tá mo chuid suime sa teangeolaíocht fíorleathan agus is é sa teangeolaíocht thuairisciúil, sa mhalartú teanga, san fhoghraíocht agus san aistriúchán is mó a luíonn mo chuid saineolais.

Is buntéama a spreagann cuid mhaith de mo chuid taighde ná aghaidh a thabhairt ar an easnamh san fheasacht shocheolaíoch agus antraipeolaíoch ar shochaithe daonna go mór mór i dtaca le cultúir atá faoi bhrú ar nós chultúir na dtíortha Ceilteacha, ar scríobhadh a stair, den chuid is mó, i dteangacha coimhthíocha, agus a mbaineann mí-oiriúnú cultúrtha leo dá bharr sin. Gan breathnóireacht leanúnach, gan aird agus gan mhachnamh, ní thig fiú le duine dúchais a tógadh sna cultúir úd ach anailís theoranta a dhéanamh ar na fírinní sochaíocha ar ar mhair siad iontu agus, le glúnta nua ag teacht in ionad a chéile, scoitear go sciobtha fírinní sochaíocha aois amháin ó fhírinní nua a thagann chun cinn. Tá an ‘Réamhstair’ go litriúil i bhfad níos cóngaraí dúinn ná mar a shamhlaímid go ginearálta – fiú i gcultúir cheannasacha – agus tá an caillteanas feasachta ar na fírinní sochaíocha agus cultúrtha sainiúla an-suntasach sna cásanna sin inar tharla (nó ina bhfuil siad fós ag tarlú) athruithe móra cultúrtha, mar atá fíor i gcás imeall Ceilteach iarthuaisceart na hEorpa.

Tá súil agam go bhfaighidh cuairteoirí fiosracha ar an suíomh seo sult éigin as.

.

NB Níl na leathanaigh eile ar an suíomh as Gaeilge.